Féile an Fhómhair

Féile an Fhómhair 2026 – Talamh, Teanga agus Pobal
Beidh Féile an Fhómhair ar siúl i nGuagán Barra agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh ón 2–4 Deireadh Fómhair 2026, deireadh seachtaine ag ceiliúradh talamh, teanga agus pobal Ghaeltacht Mhúscraí.
Beidh clár leathan imeachtaí ar siúl thar an deireadh seachtaine, idir cheol, litríocht, stair, filíocht, bia áitiúil, ceardaíocht, éiceolaíocht agus imeachtaí amuigh faoin aer. I measc bhuaicphointí na féile beidh Ger Wolfe, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Fearghus Ó Conchúir, Áine Uí Chuill agus Gearóid Ó Duinnín, chomh maith le cainteanna agus imeachtaí a thabharfaidh léargas ar shaol, ar oidhreacht agus ar thraidisiúin na háite.
Beidh Féasta an Fhómhair ar siúl oíche Dé Sathairn in Óstán Ghuagán Barra, ag ceiliúradh bia áitiúil agus na dtáirgeoirí, na bhfeirmeoirí, na gceardaithe agus na ndéantóirí atá ag cur le saol Ghaeltacht Mhúscraí.
Beidh siúlóid choille, aonach ceardaíochta agus cluichí boird ar siúl Dé Domhnaigh chomh maith. Deireadh seachtaine chun teacht le chéile, blaiseadh de shaol na Gaeltachta a fháil agus comhráite nua a spreagadh faoi sheantraidisiúin Mhúscraí.
Féile an Fhómhair 2026 – Land, Language and Community
Féile an Fhómhair takes place in Gougane Barra and Ballingeary from 2–4 October 2026, for a weekend celebrating the land, language and community of Gaeltacht Mhúscraí.
The weekend features a varied programme of music, literature, history, poetry, local food, crafts, ecology and outdoor activities. Highlights include Ger Wolfe, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Fearghus Ó Conchúir, Áine Uí Chuill and Gearóid Ó Duinnín, alongside talks and events exploring the life, heritage and traditions of the area.
On Saturday evening, Féasta an Fhómhair – A Harvest Feast will take place at Gougane Barra Hotel, celebrating local food and the producers, farmers, artisans and makers who contribute to the richness of Gaeltacht Mhúscraí.
Sunday’s programme also includes a forest walk, craft market and board games. It’s a weekend to come together, experience life in the Gaeltacht and inspire new conversations around the old traditions of Múscraí.
Eventbrite - Ticéidí
An Portach – Éiceolaíocht agus Samhlaíocht
Ger Wolfe ag Féile an Fhómhair