Siúlóidí Treoraithe i Múscraí / Guided Walks in Múscraí
Faigh blaiseadh de thírdhreacha, d’oidhreacht agus de chultúr Ghaeltacht Mhúscraí le Lee Valley Walking. Faoi stiúir Catherine Ketch, treoraí sléibhe le taithí agus tíreolaí stairiúil, cuirtear siúlóidí treoraithe ar fáil ar fud Mhúscraí – Gúgán Barra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Baile Mhic Íre, Baile Mhúirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra.
Bíodh tú ag lorg siúlóid shuaimhneach nó eachtra níos dúshlánaí, tugann gach turas deis duit áilleacht nádúrtha, stair, seandálaíocht, flóra, fána agus béaloideas an cheantair a aimsiú le treoraí a bhfuil saibhreas eolais aici. Tá siúlóidí ar fáil do dhaoine aonair, do lánúineacha agus do ghrúpaí, agus is féidir turais phríobháideacha a chur in oiriúint do do chuid spéiseanna agus do leibhéal aclaíochta.
Discover the landscapes, heritage and living culture of Gaeltacht Mhúscraí with Lee Valley Walking. Led by experienced mountain guide and historical geographer Catherine Ketch, guided walks explore Gúgán Barra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Baile Mhic Íre, Baile Mhúirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí and Cill na Martra. showcasing every corner of Múscraí.
Whether you’re looking for a gentle countryside walk or a more challenging hill adventure, each experience offers fascinating insights into the area’s history, archaeology, geology, wildlife and folklore. Walks are available for individuals, couples and groups, with bespoke guided experiences tailored to suit your interests and ability.
Eolas / Info
Moltar áirithint roimh ré. Athraíonn an pointe tosaigh ag brath ar an tsiúlóid roghnaithe. Ba chóir bróga siúil agus éadaí atá oiriúnach don aimsir a chaitheamh. Déan teagmháil go díreach chun siúlóid a chur in áirithe. / Advance booking is recommended. Starting locations vary depending on the walk selected. Suitable walking footwear and weather-appropriate clothing should be worn. Contact Catherine directly to book a guided walk. Tel 0872231225 info@leevalleywalking.com
Learscáil / Map